18 Meitheamh 2012
Cinneadh in Aghaidh na Céille
Tá Edwin Poots ón DUP ar eolas do roinnt mhaith cainteoir Gaeilge - bíodh i dTuaisceart Éireann nó sa Phoblacht. Rinne sé sár-iarracht, mar Aire Cultúir chun Acht Gaeilge a stopadh. Is cinnte dom nach bhfuil leathan-aigeantacht aige anois, i ndiaidh dó an bac ar fhuil ó fhir aeracha a choinneáil i dTuaisceart Éireann - cé nach bhfuil sé ann a thuilleadh sa Bhreatain.
Anois ina Aire Sláinte, d'fhógair sé an cinneadh inné a stopann fir a bhíonn gnéas acu le fir (FGF, chun téarma nua a thógáil isteach sa Ghaeilge?) chun fuil a thabhairt. Cé go bhfuil tuilleadh fola de dhíth ag ospidéil sa Tuaisceart, ní féidir leo aon rud a dhéanamh go fóill. Idir an dá linn, seoltar fuil ón mBreatain - áit ar féidir le FGF fuil a thabhairt, chomh fada is nach raibh gnéas acu ar feadh bliana. Fuil aerach, mar sin, a úsáidtear i dTuaisceart Éireann. Fuil ghlan. Fuil úsáideach. Ach mar sin féin, fuil ó fhear aerach.
Is é sin - agus sin amháin - an rud is amaidí faoi chinneadh Poots. Dá mbeadh cosc ar fhuil ó FGF ar fud na Ríochta Aontaithe, bheadh ciall (de shórt éigin ann). In ionad sin, áfach, tá trí as ceithre náisiún sa Ríocht ann a bhfuil níos ciallmhara ná an ceann eile. Sin ráite, is aisteach an coinníoll faoi ghnéas a staonadh ar feadh bliana sular féidir fuil a thabhairt. Fós, is fearr sin ná bac iomlán - nach ea? Nó, an ea?
Is fear é Poots nach gcreideann in éabhlóid, ach a chreideann go bhfuil an domhan 6000 bliain d'aois. Mar a dúirt cara liom inniu, más féidir le fear cosúil leis sin éirí le bheith ina fheisire, b'fhéidir nach bhfuil a leithéid d'éabhlóid ann. Má tá, tá súil agam go mbeadh bua na hoiriúnachta linn sara bhfad, agus go mbeadh Aire Sláinte níos ciallmhara ag Tuaisceart Éireann go luath.
Lipéid:
aerach,
Cearta Aeracha,
polaitíocht,
Stormont,
Tuaisceart Éireann
| Tuairimí: |
Subscribe to:
Post Comments (Atom)

3 comments:
Is maith liom do scríobhnóireacht a chara ach ba mhaith rud éigin a léiriú. Ní hionann "gnéas" i nGaeilge agus "sexual intercourse" i mBéarla. Is éard is brí le "gnéas" ná inscne duine. An bhfuil siad baineann nó fireann? Is fearr comhriachtain nó caidreamh collaí a scríobh. Is giorrúchán de "sexual intercourse" é "sex". Dá bharr caithfear an t-idirdhealú a dhéanamh i nGaeilge.
Mar sin i d'alt is fearr fir a bhíonn comhriachtain le fir a scríobh. FCF b'fhéidir.
Maidir leis na hAontachtaithe Daonlathacha, is dream fíor-choimeádach iad. An mbeadh daoine ag súil le haon rud eile uathu?
Ní ceart do pholaiteoir a bheith ag déanamh an cinneadh seo a bheag nó a mhór. Ceist do na heolaithe é an leibhéal baoil a mheas.
Tá cinneadh an chuid eile den Ríocht Aontaithe stuama; tréimhse staonadh a fhágann go bhfuil an promhadh fola iontaofa. (Is dócha go bhfuil an chosc céanna ar daoine a chleachtainn ilchumasc heitrighnéasach? )
[Agus aontaím le Seanán maidir le FCF - níos cruinne]
A Sheanáin, níor chuala mé a leithéid de ráiméis riamh maidir leis an bhfocal gnéas. T'fhios againn go n-úsaidtear an dá téarma agus 'inscne' i gceist, m.sh "what's the sex of the child?" maidir le "what's the gender of the child?". Tarlaíonn sin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Cá dtagann an focal gnéasach? Ní éinne ag rá go bhfuil an cailín ag an mbeár, "gendery" - an bhfuil? Cén Ghaeilge atá ar 'pedantic,' meastú?
MAR SHAMPLA: Seo labhrán eolais do FGF - an difríocht ná go bhfuil an chuma air go raibh an gramadach mícheart agam - Fir a mbíonn Gnéas acu le Fir:
Doiciméad PDF: "Gnéas níos sábháilte agus eolas maidir leis an
VEID d’Fhir Bhána agus Déghnéasacha."
Post a Comment