Seo rud éigin a chuir isteach orm go mór aréir. Tuigim go bhfuil sé ar nós do chlubanna oíche stampa a chur ar dhaoine a thagann isteach iontu, ach chuir rogha an Kremlin i mBéal Feirste branda an triantáin bhándeairge i gcampaí ghéibhinn an Dara Chogadh Domhanda i gcuimhne dom.
'Nois, tuigim go hIOMLÁN go bhfuilim á thógáil go ródháiríreach, ach an bhfeiceann éinne eile mo phointe?

2 trácht:
An gcaithfeá bheith aerach chun freastal ar an áit?
Cad mar gheall ar dhaoine nár tháinig 'amach' go poiblí fós?
Sin a rith liomsa freisin.
Brandáilte go díreach. Easpa samhlaíochta.
Post a Comment