24 Nollaig 2011

Sa Bhaile don Nollaig

Grianghraf le 'Póló' as irishblogs.ie
Is ábhar fíor-áthais dom a bheith in ann filleadh abhaile don Nollaig agus don Athbhliain. Níl mé ach i ndiaidh bogadh go Béal Feirste ó thús na míosa seo, ach fiú leis sin, is deas dom cúpla lá a chaitheamh i mo bhaile féín le mo mhuintir agus mo chairde.

Mar sin féin, rith sé liom go bhfuilim i mo leath-emigré ar shlí. Go teicniciúil, níor fhág mé an oileán, ach toisc gur bhog mé chuig cuid eile de, táim anois mar chuid den dream a théann abhaile ar an gcorr-dheireadh seachtaine, nó ag deireadh na míosa, nó do shaoire mhóra ar nós na Nollag, na hAthbhliana, Lá Pháraic agus mar sin de.

Pé minic is a rachfainn abhaile, is turas i bhfad níos fearr ná mar a bheadh ag taistealaithe eile. Tá cara liom a bhfuil ina chónaí in Eabhrac anois, agus nach bhfuil aige ach dhá lá thar an Nollaig le bheith sa bhaile i dTulach Mhór. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an t-am aige, faraor, a chuid carad a fheiceáil i mBleá Cliath sula n-imíonn sé ar ais go Sasana le filleadh ar an obair. Tá cairde eile agam a bhfuil i gcás níos measa; in Albain Nua, sa Nua-Shéalainn, san Astráil agus i dtíortha eile agus nach bhfuil in ann teacht abhaile i mbliana ar chor ar bith.

Seo scéal síoraí na nÉireannach, áfach. Déanann siad taisteal ar fud na cruinne, i bhfad ón tír inar tógadh iad. Seans ann nach mbéidís i gcéin ach ar feadh bliana nó dhó, ach is cinnte go bhfuil an méid sin Éireannach ann nach bhfuil a dtír dhúchais feicthe acu le fada. Mar sin, mothaím go bhfuil an t-ádh dearg liom; ní amháin nach bhfuilim rófhada ó mo bhaile féin, ach go bhfuil sé breá éasca agus neamhchostasach dom teacht ar ais am ar bith agus is mian liom.

Cibé áit ina bhfuil tú ag céiliúradh na Nollag, tá seans ann go mbeadh ráiteas de chuid an scríbhneora, Breandán  Ó Doibhlin, oiriúnach; "is féidir le Gaeltacht a bheith in intinn aon duine amháin." Is féidir an smaoineamh sin a leathnú ón nGaeltacht go hoileán na hÉireann ina iomláine, agus seans go mbeadh sé sin ina ábhar faoisimh do dhaoine a bhfuil thar lear ag an am seo den mbliain.

Nollaig Shona.

0 trácht: