28 Nollaig 2011

Cé Mhéid Léitheoirí Atá Agat?


Is ar an gcorruair a léim blag Ifan Morgan Jones, agus thug mé alt spéisiúil faoi ndeara a chuir ionsporáid ionam;  más blagadóir Gaeilge thú; cé mhéid léitheoirí atá agat? Le leathanaigh baile Blogger agus Wordpress, is féidir líon na léiritheoir a fheiceáil le linn an lae, na seachtaine, na míosa agus ó bhunaíodh an blag.

Le linn na míosa seo, is cosúil go raibh thart ar chúig chéad léiritheoir agam. Is dóigh go bhfuil sé sin maith go leor, go háirithe nuair nach scríobhaim go rialta. Dá mb'fhéidir go mbeinn ag scríobh níos rialta, seans (beag) go n-éireódh an líon sin, ach chuirfeadh sé ceist i láthair; cé chomh cáiliúíl is atá an bhlagadóireacht anois?

Chuir mé an cheist sin os comhair an phobail ag Siompóisiam Bhlagadóireacht na Gaeilge i mbliana, agus b'é an freagra ná go bhfuil an-chuid á léamh ar fud an domhain, agus is cuma an líon má tá an t-ábhar sásúil go leor. Sin príomhaidhm na blagadóireachta, go háirithe más blagadóireacht mhionteanga atá ann; caithfear ábhar sásúil  a chur ar fáil do phobal (domhanda) na Gaeilge.

Mar sin, b'fhéidir gur cheart ceist níos fearr a chur ort, más blagadóir thú; an bhfuil do chuid blagadóireachta sásúil go leor dod' léiritheoir?

0 trácht: