25 Nollaig 2011

Amhrán d'Oíche Nollag!

Má leanann tú mé ar Twitter, bheadh a fhios agat gur fan mór de chuid an cheoltóra Íoslannaí, Ólafur Arnalds mé. Is gnách dó ceol a chumadh gan fhocail, ach seo amhrán nua uaidh agus ó amhránaí de chuid an ghrúpa Agent Fresco, Arnór Dan; seo "Old Skin".




Ní amhrán tipiciúil é a nascfá leis an Nollaig, ach ceapaim féin go bhfuil atmaisféar cineáilín fuar, Geimhreach á bhaint leis! Pé scéal é, tá súil agam go mbaineann tú sult as.

1 trácht:

Míshásta said...

Ana-dheas. Níor chuala riamh fén bhfear úd.

Lá na Boscadóireachta Sona dhuit.