28 Samhain 2011

Eitilt as an Nead


Is deas liom a fhógairt go bhfuil post glactha agam ag BBC Thuaisceart Éireann le déanaí, agus go bhfuilim ag aistriú ó Bhleá Cliath go Béal Feirste i gceann cúpla lá mar gheall air. Is deacair dom a chreidiúint go fóill go mbeidh mé ag obair leis an eagraíocht mheán is mó ar an domhan, agus is fearr fós go mbeidh mé ag obair trí Ghaeilge don chuid is mó! Ní féidir liom fanacht.

Agus mé á scríobh seo, tuigim nach bhfuil ach cúpla lá fágtha agam de bheith sa bhaile le mo thuistí. Céim chun cinn atá ann i mo shaol, agus céim nádúrtha d'aon dhuine óg le bheith ag eitilt as an nead, ach nílim ag bogadh chuig árasán ar thaobh eile na cathrach, ach chuig cathair eile. Is inniu an chéad lá a chaoinigh mo mham os mo chomhair (.i. gach seans go bhfuil cúpla deor caointe aici roimh inniu) ach bhuail sé liom go mbeadh sé seo deacair di, agus domsa. Fós, is iontach an rud é agus is deas a chloisteáil go bhfuil mo mham iontach bródúil asam. Níos fearr arís, ní hé go bhfuilim ag eitilt thar lear - ní bheidh mé ach cúpla uair suas a' bhóthair.

Táim ag tnúth go mór leis, cé go gciallaíonn sé go bhfuilim ag fágáil an-chuid i mo dhiaidh - cairde agus obair san áireamh. Cuireann sé brú ar chaidrimh áirithe, ach deirtear liom go minic go bhfeicfidh mé luach na bhfíorchaidreamh agus mé i bhfad ó dhaoine faoi leith. Pé scéal é, caibidil nua i mo shaol atá ann, agus táim lán-chinnte go n-oibreoidh gach rud amach mar is cóir.

4 trácht:

aonghus said...

Sílim féin go bhfuil sé riachtanach mar chuid d'oideachas duine tréimhse a chaitheamh i bhfad ó bhaile. Cuid den fás suas atá ann. Bhíodh nós - stuama dar liom - ag na ceardchuallachtaí sna meánaoiseanna go raibh ar ábhar ceardaí taisteal - bliain agus lá a chaitheamh gan teacht i bhfoisceacht 50 km dá áit dúchais. Nós stuama, dar liom.

Go n-éirí leat ó thuaidh. Tuigim do'd mháthair (chuaigh mé féin chun na Gearmáine agus mé thart ar d'aois, agus ní raibh eitlítí Ryanair ann an uair úd!)

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Míshásta said...

Arra baidhe, cheapfá go raibh tú ag dul ar long seoil go Tír Van Dieman. Níl tú ach ag bogadh cúpla céad slat suas an mótarbhealach go Tír na nOráisteach.

Tá súil agam go mbeidh tú in ann dul i ngleic le Fadúsais mhuintir an Tuaiscirt.

Go n-éirí leat id' phost nua leis an mBíb.

An mbeidh ort Béarla an Fhuaimniú inghlactha (RP) a chleactadh leo.?

Coinnigh ar an eolas muid maidir led' shaol nua.

Cailliomachas said...

Go n-éirí go geal leat.