Ar an Aoine seo caite, chuir mé an chéad Siompóisiam Bhlagadóireachta Gaeilge (mar chuid d'fhéile IMRAM) i láthair in ionad City Arts. B'iad Alison Ní Dhorchaidhe, Alex Hijmans, Aonghus Ó hAlmhain agus Máire Burns cainteoirí an tSiompóisiaim, agus bhí an t-ádh dearg linn go raibh Alex in ann a bheith linn ar an oíche toisc go raibh sé sa Bhrasaíl - bhí sé páirteach san ócáid le buíochas do Skype!
B'iad na hábhair a bhí á bplé againn ná an t-idirghníomhaíocht idir na blagadóirí Ghaeilge, an tionchar dá bhfuil acu ar na meáin (Ghaeilge agus Bhéarla) agus an caidreamh idir an bhlagadóireacht agus an litríocht sa teanga. Is cinnte gur cheap na cainteoirí go raibh a leithéid de phobal arlíne de bhlagadóirí Ghaeilge ann, rud nach rabhas féin róchinnte faoi go dtí sin. Bhí gach éinne againn cinnte, áfach, go raibh cumhacht an idirlín ag neartú na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.
Luadh focal faoi leith ag an ócáid, focal a spreag cineál iontais ionam; blagtacht. Seachas rud ar bith a rá faoi mheath na Gaeltachta, ba léir gurbh 'áit' láidir agus bheomhar í blagtacht na Gaeltachta. Tá an méid sin blag ar fáil as Gaeilge, ó údair in Éirinn, sa Bhreatain, i Meiriceá, san Eoraip agus eile nach iad, go bhfuil spiorad na teanga le mothú go láidir sa chíbearspás (focal nach maith liom ach is dóigh go bhfuil sé oiriúnach anseo).
Níor mhair an ócáid ach uair a chloig toisc brúanna sceideal na féile IMRAM, ach ba leor an uair sin le taispeáint don lucht fhéachana (agus dúinne mar chainteoirí) go raibh gá ann lena leithéid d'imeacht eile cosúil leis sin arís amach anseo. Ba léir go raibh suim mhór ag daoine sa chuid áirithe sin de litríocht na Gaeilge, agus go raibh gá le caint phoibí a bheadh níos doimhne ná uair amháin a chloig. Moladh dom cúpla imeacht eile ar nos an tSiompóisiaim a chur ar siúl, rud a ndéanfaidh mé agus an t-am le spáráil agam.
Ach pé scéal é, taispeánadh dom nach raibh ann sa Siompóisiam sin ach tús rud éigin.
Seo físeán a rinne mé díreach i ndiaidh na hócáide. Buíochas d'Alison as an gceamaradóireacht!

2 trácht:
Rith sé liom - ró mhall - go mba mhaith an rud é dá mbeadh an imeacht craolta ar an idirlíon againn. B'fhiú é sin a chuir san áireamh an chéad uair eile.
Post a Comment