17 Deireadh Fómhair 2011

Balla Chluain Tarbh? Seans ar Bith.

Bhí agóid mhór iontach ar siúl ar chósta Chluain Tarbh - taobh le Balla a'Bhulla - tráthnóna inné in aghaidh mholadh de chuid Chomhairle Cathrach Átha Cliath chun balla 8t a chur in airde fud fad an chósta sa bhruachbhaile. Tháinig idir trí agus cúig mhíle duine chun na hagóide, agus b'iontach an fuinneamh agus atmaisféar a bhí le mothú ann. Labhair Gerry Breen (iar-Árdmheára Átha Cliath), Damien O'Farrell (polaiteoir neamhspleách), Donna Cooney (de chuid an Pháirtí Ghlais) agus eile nach iad in aghaidh an mholaidh, moladh a scriosfadh cósta Chluain Tarbh go hiomlán.




0 trácht: