10 Meán Fómhair 2011

Tús Ceart

"Hæ elskan, þetta er Pétur, og þetta er símanúmerið mitt!" (Haidhe a chroí, seo Pétur, agus seo é m'uimhir fhóin!)
Fuaireas an téacs sin ó chara nua liom inné, agus mé ag siúl le cara eile trí champas Choláiste na Tríonóide. B'oiriúnach an áit, mar bheadh an téacs sin ina chomhartha go mbeinn ag foghlaim teanga amach anseo.

Pétur er bandarískur, sem býr í Dyflinni. Nó; is Meiriceánach é Peter, a bhfuil cónaí air in Áth Cliath. Tá aithne agam air ar feadh cúpla mí, mar is cara le cara liom é, agus oibríonn sé i mbeár aerach sa chathair. Is cairde muid ar Facebook, agus leanann muid a chéile ar Twitter.

Idir an dá linn, chuaigh mo mháthair chun na leabharlainne agus sí trí chúrsa teanga amach; cúrsa Gaeilge, cúrsa Araibise di féin, agus cúrsa Íoslainnise domsa. Bhíos ar bís! Chuireas an nuacht faoi mo chúrsa nua ar Twitter, agus fuaireas freagra ar ais ó Peter:
Ég er að læra íslensku! Skulum læra saman!!! (Táim ag foghlaim Íoslainnise! Is féidir linn foghlaim le chéile!!!)
Chonaic mé fadó go raibh Íoslainnis ar cheann de theangacha Peter ar a phróifíl Facebook, ach rinneas dearmad faoi. Níor rith sé liom riamh go mbeimis in ann foghlaim lena chéile, ach ba rud ciallmhar a bheadh ann. Níorbh fhada é gur shocraigh muid go mbuailfimis le chéile sa chathair - nó, 'miðbær Dyflinnar' (lár Átha Cliath) - amárach chun tús a chúr lenár gcuid cleachtaidh.

Go n-éirí linn!

5 trácht:

aonghus said...

bandarískur sin focal spéisiúil. Cén sanasaíocht atá leis? Go n-éirí bhur fiontar libh!

aonghus said...

(Rinne mé dearmad arís tic a chuir sa bosca!)

ormondo said...

An bhfuil a fhios agat cad í sanasaíocht na míre "síma" san fhocal "símanúmerið"?

Nach fíor é go seachnaíonn na hÍoslannaigh na focail iasachta amhail "fón!?

Syntax of Seaweed said...

Chiallaíodh 'síma/sími' 'snáithe, sreangán, corda' srl i sean-Íoslainnis.

Ciallaíonn 'Bandaríkin' 'Na Stáit Aontaithe', go liteartha 'an tír cheangailte'. Is féidir 'Bandaríki Norður-Ameríku' (tír aontaithe Mheiriceá thuaidh) a rá freisin. Is aidiacht 'bandarískur' a chiallaíonn 'ó/den tír aontaithe'.

Is ionann bandarískur agus amerískur.

aonghus said...

GRMA. Tá siad le ceangail mar sin! ;-)