07 Meán Fómhair 2011

'Dóite'

Tá daoine áirithe ann atá leisciúil, is gur cuma leo muna ndéanann siad faic.

Tá daoine eile ann, áfach, a bhfuil ar an taobh eile den speictream. Daoine a oibríonn ar rud amháin nó eile ar gach aon lá den tseachtain, nach féidir maireachtáil gan cupán caife amháin (ar a laghad) gach lá agus nach bhfuil an cnaipe múchta ar eolas acu.

Faraor, tá mise i mo bhall den dara grúpa.

Gan aon fhoclóir a bheith taobh liom, rinneas iarracht teacht ar an Ghaeilge gan téarma, burnout. Bheadh 'dóite amach' ina Bhéarlachas lofa, ach b'fhéidir go ndéarfainn é le mo chairde. Fós, ní raibh an t-aistriúchán sin oiriúnach go leor dom.

Tá nath cainte oiriúnach go leor ar shlí; tuirseach traochta soirithe! Cheapfainn, agus sin cloiste agam ó mo mháthair, go mbeadh gach rud maith go leor i ndiaidh oíche bhreá chodlata. Le burnout, áfach, ní leor sin ar chor ar bith. Cén fáth? Toisc nach tuirse amháin atá i gceist; meascán de thuirse, strus agus dhrochbhainistíocht ama atá ann. Is féidir leis éirí níos measa muna bhfuil bealach ann leis an strus a ligint amach - spórt, de ghnáth.

Tá go leor amaintí ann agus mé i ndiaidh a rá ar an mblag seo go raibh brón orm as gan a bheith ag scríobh go rialta, ach go ndéanfainn iarracht amach anseo. Ba léir, ó m'iontráil dheireanach a bheith scríofa i Meitheamh, nár tharla sin.

Le bheith fíreannach, cheapas go scriosfainn an 'dialann' seo, agus nach mbacfainn le blagadóireacht a thuilleadh. Ní fiú rud éigin a scríobh muna rabhas ag fáil airgid as, agus fiú leis sin, b'iarracht trom dom píosa iriseoireachta a dhéanamh.

Sin an t-íoróin, ar shlí. B'iriseoir mé, ach ní maith liom an iriseoireacht. Ní maith liom nuacht, ná cúrsaí reatha. Is annamh dom nuachtán nó iris a cheannach, agus dá gceannóinn, bhreathnóinn ar theidil na n-alt agus na grianghraif. Ní ábhar iriseora é an sórt iompair sin, a cheapas.

Ach seachas mo chuid spéise féin san iriseoireacht, d'éirigh sé níos deacaire dom am a aimsiú dom fhéin. Táim ag obair in ionad ealaíne ar feadh bliana anois; thosaigh mé post nua mar léiritheoir raidió timpeall trí mhí ó shin, agus i mí Dheireadh Fómhair beidh mé ag céiliúradh trí bhliana ar an aer le mo chlár raidió don bpobal aerach, The Cosmo ar RTÉ Pulse. Go teicniciúil, bhí idir ceithre agus cúig phost á ndéanamh agam ar an am céanna, ach ní bheadh mo chuntas bainc ar an eolas sin. As cúig phost, b'obair dheonach í trí phost.

I ndiaidh cúpla mí (nó níos faide) de bheith faoi bhrú marfach, d'aithin mé go raibh an obair do mo mharú, chuireas deireadh leis. D'aithin go raibh orm mo shlí beatha a dhéanamh níos sláintiúla, agus mo sceideal a shaorú. Mar sin, bheartaigh mé briseadh a thógail as an iriseoireacht - go dtí go n-aimsím an t-am lena déanamh gan é a thógáil as mo chuid ama saoire féin.

Leis sin, tá trí phost fós agam; cúram a thabhairt do shraith imeachtaí agus dhá chlár raidió ar stáisiúin dhifriúla. Obair shé lá na seachtaine atá i gceist go fóill, ach ní mhothóinn chomh strusáilte is a bhí mé mí ó shin. Táim fós ar an airgead céanna, faraor (€300-€500 sa mhí) ach is fearr an sláinte ná an tsaibhreas.

Thairis sin, tá cinniúnt eile glactha agam i leith na sláinte. Nílim chun mórán a rá faoi (ar eagla go dteipeann go mór orm) ach táim chun tabhart faoi spórt foirne a thógáil suas. Má éiríonn liom, scríbhneoidh mé faoi. Pé scéal é, tá fonn orm mo shaol ar fad a athrú.

Seo tús nua... is dócha liom.

2 trácht:

aonghus said...

Go n-éirí leat. Ní ritheann leagan deas ar burnout liom féin ach oiread. Ach seans go mbeadh loiscthe níos fearr ná dóite - níos mó dochar déanta aige!

Braithfidh mé uaim d'altanna i nGaelscéal.

Mise Áine said...

Is fearr an tsláinte ná bheith tnáite, a Scott..;-)