29 Meán Fómhair 2011

Dearadh: Clog Uisce





Bheadh sé sothuigthe má cheap tú go raibh an físeán seo mar chuid d'fhógra teilifíse, ach níl. Is 'clog' é seo a bhfuil suite i stáisiún traenach in Osaka na Seapáine. Faraor, is deacair dom a fháil amach más chuid buan den stáisiún é, toisc go raibh an bun-alt ar a d'aimsigh mé an físeán seo as Seapáinis.

Fós, 'gceapann tú go mbeadh sé seo le feiceáil i Stáisiún Uí Chonghaile amach anseo...!?

2 trácht:

Dennis King said...

An-chliste! Is cosúil gur cuid bhuan den stáisiún é. Tá cúpla alt eile ar idirlíon faoi. Saghas greille poncmhaitríse atá ann, de réir dealraimh, déanta le huisce.

aonghus said...

Iontach cliste agus galánta.