16 Meitheamh 2011

Is Féidir le Norris Déileáil Leis


Má cheap éinne go mbeadh feachtas David Norris ar son na huachtaránachta éasca, bhí dul amú orthu. Ní raibh Norris féin chomh naïve sin nuair a thosaigh sé. Ag seoladh a fheachtais sa Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide, thuig sé go maith go mbeadh conspóid á cruthú ag na tablóidí faoi. Cén fáth? Fáth amháin; is é Norris an polaiteoir aerach is cáiliúla dá bhfuil ann in Éirinn.

Bhi an t-ádh liom le bheith ag seoladh an fheachtais sa Dánlann Eolaíochta. Tháinig sé isteach sa léachtlann, áit ina raibh na meáin ag fanacht go foighneach, agus meangadh mór ar a aghaidh. In ainneoin a aoise, bhí a chuid fuinnimh agus paisin le mothú san aer, agus é réidh le deimhniú go poiblí go raibh sé chun a ainm a chur isteach sa rás don Áras. I ndiaidh ráitis gairid, d'osclaíodh an t-úrlár do na hiriseoirí chun ceisteanna a chur air. Ábhar na chéad ceiste? A ghnéasúlacht.

"Gan a bheith míbhéasach," a dúirt Norris leis an iriseoir (miongháire fós ar a aghaidh) "ach ceapaim go bhfuil leadrán ar mhuintir na hÉireann faoi mo ghnéasúlacht!" Tháinig gáire ón lucht fhéachana, ach ba léir nárbh fhreagra cuí é sin don iriseoir. Lean Norris ar aghaidh, ag rá gur shíl sé go raibh na hÉireannaigh in ann níos mó ná an chuid "bheag' sin dá shaol a fheiceáil agus iad ag smaoineamh faoi mar chéad uachtarán eile na tíre. Lua sé arís - mar a rinne sé ag tús na hócáide - na prionsabail ar a raibh sé ag seasamh agus é ag rith don uachtaránacht. Chuir sé béim ar cothromaíocht, mar a thuigfeá, ach bhí níos mó ann dá scéal.

Bíodh sin mar a bhí, ba léir go raibh sé réidh agus ábalta chun déileáil leis an gconspóid a bheadh sna meáin - na tablóidí ach go háirithe - toisc a ghnéasúlachta. Bhí sé réidh dó ag an bpreasócáid, ar a laghad, ach ansin tháinig sruth nua conspóide ó fhoinse eile nach raibh sé ag súil leis - alt a d'fhoilsíodh thart ar dheich mbliana ó shin. Chuala mé é agus é á chosaint féin ar chlár raidió Pat Kenny cúpla seachtain ó shin, agus bhí an-thrua agam dó. Mar atá scríofa ag David Adams san Irish Times inniu, tá boladh déistineach an hómafóbia le blaiseadh as an feachtas in aghaidh Norris.

Tá súil agam go bhfuil na hÉireannaigh in ann níos mó ná ghnéasúlacht an pholaiteora iontach a fheiceáil, agus muna vótálann siad ar a shon níos déanaí i mbliana, nach bhfuil sé mar gheall ar an gcuid an-bheag sin dá shaol.

3 trácht:

aonghus said...

Caithfidh mé a rá - agus ainneoin go bhfuilim ar malairt tuairim leis maidir le collaíocht & nithe eile - gurbh é an ionadaí is fearr ar an liosta é - fós.

An t-aon rud a déarfainn faoin gconspóid ná go léiríonn sé beagán easpa den gliceas is gá ag plé leis na meáin. Bheadh conspóid mar é olc dá mbeadh sé ina Uachtarán - mar a tharla m.sh. do Maire Mhic Giolla Íosa nuiar a bhí an cuma air go ndearna sí comparáid idir Protastúnaigh & an Triú Reich.

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Aontaím le hAonghus gurb é an t-iarrthóir is fearr dá bhfuil ann go dtí seo. Ach is log mianach an chonair atá amach roimhe.

B'fhearr dó gan a bheith ag tuairimíocht go poiblí faoi ábhair "bhaolacha", nach mbaineann le post an Uachtaráin.