08 Samhain 2010

Filleadh an Bhlagadóra


"Caithfidh tú do bhlag a chur suas chun dáta!" a dúirt mo dhlúthchara Seán liom ar oíche Aoine seo caite, agus muid amach sa cheantar tobaic sa George, beár mór aerach na príomhchathrach. "Níl rud ar bith scríofa agat air le cúig mhí anuas!"

Is dóigh go raibh sé ag caint faoi mo bhlag Béarla, mar níl mórán Gaeilge aige seachas cúpla nath cainte ar nós ceart go leor agus a leithéid, ach bhí an ceart aige pé scéal é. Bhí mo chuid blag - i mBéarla agus i nGaeilig maraon - ag éirí le bheith ina bhfásaigh liteartha. Bheinn in ann íomhá d'árasán Lochlannach deas a chur suas agus líne nó dhó a scríobh faoi, ach ní raibh fonn orm níos mó ná sin a dhéanamh. I ndiaidh strus an chúrsa Máistreachta, bhí sé fíor-dheacair dom rud ar bith a chur le chéile ar phár gan fonn a bheith orm clárú in institiúd meabhrach. B'éasca mo Tumblr a úsáid toisc nach bhfuiltear ag súil le hailt mhóra liteartha, ach d'éirigh an simplíocht sin le bheith ina leisciúileacht le mo chuid blag eile, an ceann seo ach go háirithe.

Ach ní rabhas cinnte riamh de cén sórt scríbhneora a bhí ionam. Thaithin an stíl colúnachtaíochta liom i gcónaí, agus b'in an fáth gur thosaigh mé ag blagadóireacht bliana ó shin agus mé fós i mo dhéagóir. Mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, d'éirigh mé le mo chuid filíochta agus scéalaíochta agus cuireadh mo chuid saothair i bhfoilseacháin ar nós agus mar sin de. Caithim a rá go bhfuil an fhilíocht go hálainn mar fhoirm litríochta ach ní hionann í agus foirmeacha scríbhneoireachta eile ar nós na húr/gearrscéalaíochta. Bhaineas cúpla iarracht as gearrscéalta a scríobh i nGaeilig agus i mBéarla, agus ba mhaith liom go mór iad. Níos luaithe i mbliana, thosaigh mé tionscadal mór le tús a chur le húrscéal i mBéarla. Thug mé do cúpla carad chun a méid a bhí scríofa agam a léamh, agus is cosúil gur thaithin sé leo, ach bhí orm stop (nó sos) a chur leis nuair a bhíos ag teacht chuig deireadh na Máistreachta. Buíochas le Dia, tá an cúrsa déanta agus críochnaithe agam anois agus tá an t-am saor agam anois chun leanúint leis.

B'in an rud, áfach; ó chríochnaigh mé an cúrsa i Meán Fómhair, bhí go leor ama agam chun rud ar bith is ba mhian liom a dhéanamh, ach ní dhearna mé mórán. Bhain an cúrsa an méid sin fuinnimh asam nach raibh fonn orm faic a dhéanamh ach a bheith ag útamáil timpeall an tí nó a bheith sa chathair le mo chairde. Anois agus mé in ann breathnú siar air, bhí tréimhse d'faic a dhéanamh de dhíth go mór mór orm, chun winding down a dhéanamh i ndiaidh na bliana a bhí agam. Cé nach bhfuil trua agam dom féin ar chor ar bith, bliain dheacair agus chrua a bhí agam, idir mo shaol pearsanta agus chúrsaí ollscoile maraon. Thairis sin, bhí víreas uafásach agam ar feadh dhá mhí go leith anuas a bhain tuilleadh fuinnimh asam. Tá biseach orm anois, agus táim beagnach réidh le bheith ar an mbóthar ceart dom arís.

É sin uilig ráite (nó scríofa!) is dóigh go bhfuilim fós ag éirí go maith i ndomhan na scríbhneoireachta. Táim ag scríobh an chorrphíosa do Gaelscéal agus tá mo cholún féin agam in iris aerach dar teideal THE Magazine. Bíonn ionadh orm i gcónaí, áfach, nuair a chloisim gur léigh éinne píosa de mo chuid in aon fhoilseachán, agus níor chuala mé droch-chritící ó dhaoine... go fóill! Bhíos i gcónaí ag iarraidh a bheith ar nós Carrie Bradshaw, ach leagan aerach, fireannach agus Éireannach di! Bainim sult as a leithéid sin de scríbhneoireacht, ach bheadh orm leanúint leis an diabhal úrscéal go fóill.

Pé scéal é, séard 'tá ann anseo ach leithscéal agus míniú do m'easpa scríbhneoireachta agus blagadóireachta le déanaí, dóibh siúd (más éinne atá ann!) á thug faoi ndeara é. As seo amach, beidh iarracht coinsiasach á dhéanamh agam chun iontrálacha rialta a fhoilsiú anseo agus ar mo chuid blag eile, mar a bhí á dhéanamh agam roimh bhrú na bliana seo!

Pé scéal é, tá tuairim nua agam faoin saol; is féidir linn a bheith in ísle brí, ag argóint 's ag caoineadh 's ag gearán faoi gach faidhbín bheag bhídeach dá bhfuil againn. Nó, is féidir linn leanúint ar aghaidh, ár gcinn a choimeád i dtreo na spéire agus oibriú go dtí go bhfuil muid in ann a rá 'tá cúrsaí níos fearr againn anois'.

4 comments:

aonghus said...

Fáilte ar ais.

N'fheadar áfach an fiú bheith ag tabhairt gealltanais: sílim gur fearr scríobh nuair a bhuaileann an tinfeadh tú, seachas mothú go bhfuil dualgas ort a bheith ag blagadóireacht.

N'fheadar an ionann é agus ullmhúcháin do scríobh foilsithe: de réir mo thuiscint baineann dua agus cleachtadh leis sin. Ach is gníomh príobháideach é sin, a roinntear le líon beag daoine eolacha.

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Go n-éirí leat, cibé 'tinfeadh' a bhuailfeas thú, a Scott!

Agus, fáilte ar ais...:-)

Natália said...

mar a dúirt mé cheana, is breá liom do chuid litriocht, ach fadhb ar bith, tuigim duit. Tá mé féin ar an spota agus mise ag iarraidh a thuilleadh de m'obair a chur ar fáil arlíne... Tarlaíonn sé go minic domsa ^^' Glac do shuaimhneas. Ní héasca a bheith cruthaíoch agus an iomarca buairt ar d'intinn ag an am céanna ;)

ah, go n-éirí leat cibé ar bith :D