Níl sé de cheart agam freagairt ar chúrsaí ghinmhilleadh; mar fhear, is é mo thuairim ná ní féidir tuairim a bheith agam ar chúrsaí baineann agus mé i m’fhear.
Ach i ndiaidh dom alt le hAonghus Ó hAlmhain a léamh i nGaelscéal ar chúrsaí áirithe – ginmhilleadh, pósadh aerach agus céist na ‘coinsiasa’ – bheartaigh mé chun ceart ráitis saoir a úsáid leis an bpíosa áirithe seo.
Bréag a bheadh ann dá ndéarfainn go bhfuil meas agam d’Aonghus. Níl meas agam dó ar chor ar bith. Ach tá meas agam dá cheart chun a chuid tuairimí a léiriú. Is cinnte nach bhfuilim ag aontú leo, áfach. Lastigh d’alt beag amháin, tá seans an-mhaith ann go bhfuil alt Aonghusa i ndiaidh cur isteach ar bheagnach gach bean agus fear aerach a bhfuil Gaeilge acu.
Caitliceach ‘caomhánach’ is ea Aonghus, ach rinne sé dearmad é seo a chlúdach ina alt. Scríobh mé alt dar teideal "Grúpaí Cearta go léir in aghaidh Ghlaoch na hEaglaise" ar mo bhlag féin agus bhí agóid breá againn faoina leithéid de seo. Is cosúil, agus an t-alt foilsithe i nGaelscéal na seachtaine seo, nach raibh sé sásta go leor stopadh ansin.
Agus muid ag plé cás mionlaigh i dteanga mionlaigh, áfach, b’fhéidir gur cheart dom an cás seo a leanas a chur os bhur gcomhair; is fear deas Gaeltachta (agus heitrighnéasach!) thú. Tá tú tite i ngrá le cailín bán álainn, agus tá sé socruithe agaibh – agus ag bhur muintir – go mbeidh sibh pósta ar an lá dar gcionn. Téann sibh chuig an Eaglais (Chaitliceach, gan dabht; óir is Caitliceach caomhánach é gach Éireannach, nach ea?) ach nuair a théann sibh ann, deireann an Sagart nach bhfuil sé in ann an tseirbhís a dhéanamh as Gaeilge. Níl sé compórdach léi, a dheireann sé leatsa agus le do chailín, mar ag cúl a chinn, ní maith leis í. Ní maith leis ach Béarla – sin mar a tógadh aníos é, agus deireann sé nach féidir leis aon rud a dhéanamh.
Agus leis sin, smaoinigh faoi; is saoránach thú den tír, duine luachmhar thú de do phobal agus do mhuintir, freastalaíonn tú ar an Aifreann gach maidin Dhomhnaigh mar Chaitliceach breá dílis, ach ní féidir leat seirbhís atá tuillte agat a fháil, mar bheadh duine míchompórdach lena phost féin a dhéanamh? Bheifeá ar buile, nach mbeadh? Mar bheadh sé míchothrom? Níl aon dabht agam ná go mbeadh!
Is é seo go baileach an cás céanna leis an ‘gclásal coinsiasa’ maidir le páirtnéireacht shibhialta. Má bhí daoine ag diúltú Gaeilgeoirí a cheart chun seirbhísí Gaeilge a fháil toisc nár mhaith leo an teanga, bheadh cogadh fógartha sna páipéir maidin amárach. Céard í an difríocht idir a leithéid den tuairim sin agus tuairim a chuirfeadh isteach ar chearta mhionlaigh eile? Níl, i mo thuairim féin. Tá sé de cheart ag an Rialtas mionlaigh a chosaint, mar is deacair dóibh iad féin a chosaint in aghaidh an mhórlaigh. Mar mhionphobal eile, ba cheart go mbeadh Gaeilgeoirí in ann cearta LADT (.i. LGBT) a aithint, a gcuid iarrachtaí ar son comhionannais a thuiscint agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
Ag an agóid deireanach ar son pósadh aerach i mBleá Cliath, eagraithe ag LGBT Noise, tháinig beagnach cúig mhíle duine amach ar na sráideanna lena gcuid tacaíochta (agus míshásachta don Rialtas) a léiriú. Ag Féile Bhród Aerach Átha Cliath i mbliana, bhí 22,000 páirteach sa pharáid í féin agus beagnach céad míle eile á thacú. Cé mhéid duine a tháinig amach in aghaidh páirtnéireacht shibhialta? Ar son an chlásail coinsiasa? In aghaidh cearta comhionannais do lánúnacha aeracha agus leispiacha? An freagra ná fíor-bheagán.
Idir an dá linn, caithfidh roinnt duine a thuiscint nach bhfuil an Stát agus an Eaglais (Chaitliceach nó eile) fite fuaite lena chéile a thuilleadh. Bunaíodh an stát Éireannach ar mhacasamhail na Fraince, .i. tír a bhfuil an Eaglais scartha go huile is go hiomlán ón Stát. Níl na hÉireannaigh, beagnach nócha bliain níos déanaí, ach ag teacht chuig an ídéal sin anois. Ach ciallaíonn sé go bhfuil muid ag éirí níos aibí. Munar féidir le hAonghus Ó hAlmhain nó a leithéid é sin a fheiceáil, is cuma. Mar a dheireann mo mháthair féin, is cuma – beidh an glúin sin marbh sara bhfad.
Vive la République.
1 comment:
Níl mé an oiread sin níos sine ná tú! ;-)
Go raibh maith agat as do fhreagra.
Post a Comment