14 Márta 2012

Fáilte go Starbucks... Cé Thusa?


Tá feachtas seolta ag Starbucks in Éirinn agus sa Bhreatain; tá siad ag iarraidh aithne a chur ort. In ionad d'ordú caife a ghlaoch amach os árd nuair atá sé réidh, tá siad ag iarriadh d'ainm a ghlaoch amach. Cén fáth? Tá an eispéireas ró-neamhphearsanta, dar leo.

Seo an fógra a tháinig amach arlíne don Ríocht Aontaithe le tús a chur lena fheachtas;


Is deas an smaoineamh é, ceapfaidh tú go bhfuil aithne ag do chaifé áitiúil ort, go bhfuil siad cairdiúil duit agus go mbeifeá sásta teacht ar ais. Is iad na trí fhocal deireanach siúd na cinn is tábhachtaí san abairt sin; teacht ar ais. Feachtas dílseachta atá ann. Ach caithim a admháil gur iontach an feachtas é.

Ach an oibreoidh sé sa chuid seo den domhan? Glactar leis - go ginearálta - go bhfuil Meiriceánaigh níos áthasaí le stráinséirí ag labhairt leo, ar nós go raibh siad cairdiúil lena chéile ar feadh na mblianta. Thall anseo ar Oileáin Thiar na hEorpa, tá muid i bhfad níos ciniciúla. Cheapas féin go n-éireódh go maith le feachtas nua Starbucks. Ach is dóigh nár smaoinigh mé faoi i gceart go dtí go bhfaca mé tweet ó chara liom;
@stuartmillar: Gotta say I think that Starbucks thing will backfire in NIreland. Good idea, but peeps a bit conservative / protective here, understandably.
Maith go leor - bhí sé ag caint faoi i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann. Ach, is féidir an ráiteas céanna a úsáid d'aon chuid d'Éirinn. Níl na hÉireannaigh - ó thuaidh ná ó dheas - ag iarraidh dul caol díreach chuig stráinséir agus labhairt leo. Cheana féin, tá caint ar siúl sa Bhreatain agus in Éirinn faoi ainmneacha bréagacha nó leasainmneacha a thabhairt don bhfoireann in áit a n-ainmneacha cearta.

An oibreoidh sé anseo?

13 Márta 2012

Athdhúisiú Teanga? / Ailddeffro Iaith?

...nó as Gaeilge; tá rogha agat...

Rith sé liom go bhfuil comhtharlúint suimiúil i ndiaidh tarlú le déanaí ó thaobh cúrsaí teanga in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Tá cúpla clár á gcraoladh sna tíortha a bhaineann leis an nGaeilge agus an mBreathnais, agus don chéad uair riamh, feictear dom go bhfuil feachtas na hÉireann níos láidre!

Déantar an-chuid cainte faoi Bród Club ar RTÉ le Bernard Dunne. Tá aidhm dóchasach acu; chun céad míle duine a mhealladh lena gcuid Gaeilge a (ath)úsáid. Is maith an smaoineamh, agus toisc an sórt 'réalta' (úsáidim an focal sin go héadrom!) a bhíonn i gceist, tá ag éirí go han-mhaith leis an gclár. Níos fearr agus níos cosúla ná mar a bhíos ag súil leis, tá gach seans ann gurbh fhéidir le Bród Club an teanga a chur ar ais i mbéal an phobail - go liteartha.

Níos aistí fós, tá clár teilifíse díreach i ndiaidh tosnú ar S4C na Breataine Bige d'fhoghlaimeoirí na Breathnaise. Tosnaíodh Hwb ('Treisiú') inné agus tá sé ar fáil arlíne sa Ríocht Aontaithe chomh maith le bheith ar an gcainéal teilifíse gach Domhnach. Cé nach bhfuil an formait céanna acu, tá an aidhm céanna ann; an teanga a spreagadh i ndaoine.

Is cosúil dom, agus mé ag amharc ar fhorbairt na sraithe ó Thuaisceart Éireann (agus leis sin, lasmuigh ón áit ar a bhfuil RTÉ ag díriú - an Phoblacht) ná go bhfuil fuinneamh faoi leith le feachtas Bród Club. Tá daoine ag caint faoi, ag baint úsaide as na cúpla focal ar a leithéid de Twitter agus Facebook, agus ag aistriú a n-ainmneacha go Gaeilge i gcomhair Seachtain na Gaeilge ar a laghad. Taispeántar dearfacht agus meon oscailte an phobail i leith na teanga, ach déarfainn go bhfuil níos mó á dhéanamh ag an gclár áirithe seo i gceann cúpla seachtaine ná mar atá déanta ag féile Sheachtain na Gaeilge ná TG4 féin le déanaí. Ráiteas mór is ea sin, is dóigh, ach sin agat é.

Idir an dá linn, tá péire clár eile ag teacht go dtí na scáileáin bheaga go luath - ceann acu á chraoladh cheana féin. Tá Scéal na Gaeilge le craoladh ar TG4 thar dheireadh sheachtain na Féile Pádraig, agus The Story of Wales i ndiaidh craoladh ar BBC One Wales. Maith go leor, tá an clár Éireannach ag díriú ar an teanga níos mó ná rud ar bith eile, ach ní féidir an stair a bhaint amach ó stair na teanga. Is iomaí cosúlachtaí idir an dá chlár, ní amháin ó thaobh stíle;


Cuir é sin i gcomparáid le clib le hAlan Titley agus Scéal na Gaeilge:


Ach leo siúd, caithim ceist a chur ar phobail na Gaeilge agus na Breatnaise araon; an bhfuil muid ag amharc ar ré nua athdhúisithe ár dteangacha...?

Cuimhne an Droichid


Rinne mé glandearmad faoin ngrianghraf seo go dtí cúpla nóiméad ó shin, agus mé ag brabhsáil trí mo bhlag deartha ar Tumblr. Thóg mé roinnt grianghraf de Chluain Tarbh - an bruachbhaile as a dtagaimse - in Aibreán anuraidh, ach tá sé seo ar cheann de na cinn is fearr liom. Seo an droichead adhmaid a théann chuig Oileán a'Bhulla, agus tithe an oileáin sa chúlra.

Anois agus mé i mo chónaí i mBéal Feirste, cuireann an grianghraf seo miongháire ar m'aghaidh agus táim ag súil leis an droichead seo a shiúil arís go luath.

'Tonalogia' le Nils Frahm

Seo píosa ceoil nua-chlasaiceach álainn leis an gceoltóir Gearmánach, Nils Frahm. D'aimsigh mé é trí cheoltóir eile is aoibhinn liom, Ólafur Arnalds na hÍoslainne. Cairde is ea iad agus d'oibrigh siad ar chúpla píosa lena chéile, ach ní hionann a stíleanna ceoil.

Má tá fonn ort do scíth a ligint, bain sult as seo.

Spás Oifige

Grianghraf: Magnus Anesund

Seo spás oifige sa bhaile atá foirfe domsa! Go leor leor spáis chun do chuid oibre a dhéanamh, neart leabhar le hionsporáid nó tagairtí a fháil, agus go leor solais ann le nach n-éireofá tuirseach nó brúite.

Bheadh sé éasca go leor é seo a chur le chéile i do bhaile féin; má amharcann tú go géar ar an ngrianghraf, feicfidh tú go dtagann an dath is mó ó na leabhair agus ón úrlár. Leis sin, bheifeá in ann gach rud eile (seachas an ríomhaire álainn!) a fháil óna leithéid d'IKEA nó BoConcept

12 Márta 2012

Stíl Sualannach


Seo seomra suí in árasán galánta i mbruachbhaile darb ainm Linnéstaden, ar imeall chathar Göteborg (nó Gothenburg sa Bhéarla). Tá sé ar díol le haghaidh SEK 1,995,000 (€223,000) agus dhá sheomra chodlata ann.

Faraor, níl sé i gceist agam é a cheannach, cé áit álainn atá ann. Foinse ionsporáide atá ann, áfach, ó thaobh chúrsaí deartha na Lochlainne. Bíonn siad chomh maith sin le spás a úsáid agus a mhéadú - go háirithe le bán agus adhmaid éadrom a úsáid i seomraí. Feictear anseo, fiú, gur féidir teocht a thabhairt chun an tseomra le cúpla rud beag ar nós ealaíne, an ruga dubh & bán, an stól gorm-glas, an cruinne agus eile nach iad. Brathann atmaisféar ar shoilsiú áite, agus is léir go bhfaigheann an árasán seo go leor leor solais.

Lá amháin, beidh mé in ann cuma den sórt seo a chur ar m'áit féin...!

16 Feabhra 2012

Pobal Cróga, Rialtas Lofa

Deirtear go minic go bhfuil an rialtas - rialtas ar bith - in aghaidh mhaitheas an phobail. Is maith le tiománaithe tacsaí gearáin a dhéanamh faoi, agus cloistear agóidí futhu sa teach tábhairne nuair nach bhfuil an peil ar siúl. De gnáth, d'fhéadfá a rá nach bhfuil ann ach cuid de ghnáthchaint an phobail, agus go mb'fhéidir go mbeadh jab maith á dhéanamh ag cibé rialtas dá bhfuil ann ag an am sin.

Ach, ó 1995 ar aghaidh, bhí níos mó ná rialtas amháin i bhfeidhm sa Phoblacht. Cheapfá, leis sin, go mb'fhéidir go ndéanfadh rialtas nua rud éigin difriúil ón seancheann. Le scéal Ghaelscoil Bharra sa Chabrach Thiar i mBaile Átha Cliath, ba chuma cén rialtas a bhí i bhfeidhm. Le haghaidh 17 bliain anuas, tá pobal na Cabrach ag fanacht ar tacaíocht an Rialtais le foirgneamh ceart a thógáil don Gaelscoil, in ionad prefabs á n-úsáid. Tá drochchás amach is amach acu anois; tá na prefabs lofa (go liteartha, nílim á rá mar nath cainte) agus tá francaigh iontu. Bhuail coiste na scoile leis an Roinn Oideachais siar i Lúnasa na bliana seo caite, agus taispeánadh dóibh pleananna d'fhoirgneamh úrnua álainn. Dúradh leo, dar le Mossie Byrne, go mbeadh an Roinn i dteagmháil leo arís roimh an Nollaig, ach níor chuala siad tada uathu. Fós.

Molaim go hárd an cinneadh a rinneadh chun agóid a chur ar siúl ar Lá 'le Vailintín os comhair Roinn an Oideachais, ag iarraidh ar an Aire leis an maoiniú cuí a chur ar fáil agus sprioc a shoiléiriú.





Dúirt úrlabhraí ón Roinn leis an Dublin People go bhfuil tógáil na scoile mar chuid de "phlean cúig bhliana" (macalla an Taoisigh, éinne?) s'acu, a bheidh le fógrú i mbliana. Bhí go leor leor eile ráite ag an úrlabhraí, ach níorbh léir gníomhacht fhisiciúil a bheith déanta ag an Rialtas. Iontas na n-iontas.

Tá tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí Ghaelscoil Bharra ag fanacht seacht mbliana déag chun scoil cheart a bheith acu - ní chreidim cé chomh náireach is atá sin. Ní cúis náire don bpobal sin, áfach - cúis bhróid atá ann gur lean siad ar aghaidh le hoideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil dá gcuid bpáistí in ainneoin na ndrochchás. Is iad na rialtais dhifriúla a bhí ann sa tréimhse seo ar chóir a bheith náirithe faoi gan tacaíocht a thabhairt don bpobal cróga seo. Taispeánann sé arís go bhfuil an Rialtas ar nós cuma liom faoin nGaeilge, cibé rud a dheireann siad i dTeach Laighin nó cibé áit eile. Ní hé go bhfuil siad leisciúil nó go bhfuil rudaí eile ar bharr an liosta le-déanamh; tá rud ar bith a bhaineann leis an teanga ar bhun aon liosta dá bhfuil acu - muna bhfuil sé caite amach leis an mbruscar.

Guím gach rath ar phobal na Cabrach agus ar Ghaelscoil Bharra faoi seo, agus táim chomh buíoch nár éirigh siad as iarracht a dhéanamh oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil dá gcuid páistí le linn na 17 bliain sin gan tacaíocht óna daoine ar cheart dóibh cabhrú.